Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.” Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d'imigh agus cheil é féin orthu.
Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.
Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d'imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d'fhan sé ansiúd fara a dheisceabail.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”