Ansin thóg Máire punt meáchain d'ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola.
Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.”
Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin - é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús - tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.