Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 12:26

An Bíobla Naofa 1981

Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m'Athair onóir dó.

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.

An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh; an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó.

Ach tá malairt spioraid i mo shearbhónta Cálaeb. De bhrí go ndearna sé rud orm go beacht, tabharfaidh mé isteach é sa tír ina ndeachaigh sé agus beidh seilbh ag a shliocht air.

‘Ambasa nach bhfaighidh aon fhear den dream a tháinig amach as an Éigipt, atá fiche bliain nó breis, radharc ar an tír a gheallas d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób. Óir níor leanadar mé go dílis -

Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.

Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’

Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.

Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.

Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?

Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.

Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.

Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.

Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.

agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.

Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.

A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

Dúirt Íosa leis: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise.”

Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé.

An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine.

Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.

Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb'fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna.

Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.

Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.

ó tá a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar chúiteamh ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag seirbhís.

Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.

Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.

Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.

Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d'Íosa Críost.

Siúd iad an dream nár truaillíodh le mná, mar is aontumhaigh iad. Iadsan lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iadsan as an gcine daonna mar chéadtorthaí do Dhia agus don Uan,

Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí