Is dá bharrsan chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin.
Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,
mar go raibh a lán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa dá bharr.
Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim,
Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.