Dúirt an rí le Zíbeá: “Cá rachaidh tú leo sin?” D'fhreagair Zíbeá: “Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t‑arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.”
Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
Seo é fógra an Tiarna go críocha na cruinne féin: “Abraigí le hiníon Shíón: Seo chugat d'fhuascailteoir. Tá a luach saothair leis ina sheilbh agus a chúiteamh á iompar roimhe amach.
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d'fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’