Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d'fhan sé dhá lá mar a raibh sé.
Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”
D'iompaigh seisean i leataobh agus ghoil; ansin d'fhill orthu agus labhair leo; agus thóg sé Simeon uathu agus chuir cuibhreacha air os comhair a súl.
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.
Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go Iúdáia arís.”