bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”
Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”
Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a d'ardaigh sé ó mhairbh.
Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?
Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d'iompaigh sé chun an choirp, á rá: “A Thaibít, éirigh i do shuí.” D'oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d'éirigh sí aniar.