San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chrois é agus d'fhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus d'iompaigh cloch mhór le béal an tuama.
An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:
Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.