Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 11:39

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”

Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”

Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe

dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine?

is ródhaor aige éiric a anama.

Agus bhí siad á rá le chéile: “Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?”

Ar theacht d'Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama.

Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcrích ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus d'imigh meathlú air.

mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbh ná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.

do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?

Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí