Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta; is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad. Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.
Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.
de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d'athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.
Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad?
mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le Íosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibhse araon ina láthair.
Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith.
Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.