Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 11:21

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”

Labhraíodar in aghaidh Dé, á rá: “An dtig le Dia bord a ghléasadh san fhásach?

Chuir siad cathú ar Dhia arís eile agus chiap Neach Naofa Iosrael.

Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”

Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.

Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”

Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.”

Ach dúirt cuid acu: “An té seo a d'oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí