Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 11:20

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D'fhan Máire ina suí sa teach.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

“Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.

Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’

Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis.

Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina airicis agus d'umhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó.

Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n‑airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach.

Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí