Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 11:1

An Bíobla Naofa 1981

Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Dúradh le Iósaef tamall ina dhiaidh seo: “Bhuail taom tinnis d'athair.” Thug sé leis a bheirt mhac Manaise agus Eafráim.

D'éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.

Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh,

Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.”

Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.

Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.

Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”

An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu.

Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a d'ardaigh sé ó mhairbh.

Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí