Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.
Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”
Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.
Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;
Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.
Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.