Agus chreid a lán ansiúd ann.
Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.
San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D'inis sé dom gach ní dá ndearna mé.”
Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair
Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?”
Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige.