Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”
Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.
ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n‑aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.
Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.
Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”
Dúirt Íosa leo: “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn