Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 10:30

An Bíobla Naofa 1981

Is aon mise agus an tAthair.”

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.

Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

M'Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d'aon duine fuadach ó láimh m'Athar.

an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibhse leis: ‘Sin diamhasla agat!’ mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?

D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.

Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’?

An uile ní dá bhfuil ag m'Athair, is liomsa é. Uime sin a dúirt mé: ‘Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’

Leatsa gach ní is liomsa agus liomsa gach ní is leatsa, agus tá glóir faighte agam iontu.

Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.”

i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

Dúirt Íosa leo: “Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann.”

“Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t‑aon Tiarna.

Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.

fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.

Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.

Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí