Ach ní chreideann sibhse, mar ní de mo chaoirigh sibh.
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth.
Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.
Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d'aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m'Athair.”
An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé. Is é fáth nach n‑éisteann sibhse, de bhrí nach ó Dhia sibh.”
Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide.