Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 10:17

An Bíobla Naofa 1981

Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim, chun go nglacfainn chugam arís í.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.

Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.

faoi mar a aithníonn an tAthair mé, agus mar a aithnímse an tAthair. Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.

Níl aon duine á tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó m'Athair.”

D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.

thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin d'ungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,”

Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí