Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”
Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d'oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia.
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”
“Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí.
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.
Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.
An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.
“Amen, Amen, a deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.”
Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.
D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.
Dúirt Íosa leo ansin: “Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh, ach is é m'Athair a thugann an t‑arán ó neamh daoibh, an t‑arán fírinneach.
chonaic sé an spéir ar oscailt agus rud éigin mar a bheadh braillín mór ag teacht anuas: é crochta as na ceithre cúinní agus é á ligean anuas chun talaimh.
agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.
Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”