Bhí mé ansin le lorg ag dream nach raibh do m'iarraidh agus bhí fáil orm ag dream nach raibh do mo chuartú. Bhí mé ag rá: “Seo anseo mé, seo anseo mé,” le cine nach raibh ag glaoch ar m'ainm.
Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d'iarr siad achainí air: “A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad.
Nuair a d'ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?”
Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.