D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”
Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.
Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.
Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”
Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
“Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d'fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.
Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d'iarr siad achainí air: “A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad.
Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”
Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”
Dá chomhartha sin tháinig mise anseo gan cheist gan doicheall an túisce a cuireadh fios orm. Ceist agam oraibh dá bhrí sin: cad uime ar chuir sibh fios orm, fiafraím díbh?”
Ach d'fhreagair Rút: “Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óir cibé áit a rachaidh tusa, is ann a rachaidh mise, agus cibé áit a mbainfidh tusa fút, is ann a bhainfidh mise fúm; siad do mhuintirse is muintir domsa, agus is é do Dhia is Dia domsa.