Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháin go ceann eile, á rá: ‘Téimis láithreach chun impí a dhéanamh ar an Tiarna agus chun Tiarna na Slua a lorg. Táimse féin ag dul.’
D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”
Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.