Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”
agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’ ”
Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.
agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn - agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid - ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”
Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.
Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac.
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa: