Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”
Chuir Gideón teachtairí trí ardáin Eafráim á rá: “Tagaigí anuas i gcoinne Mhidián, agus gabhaigí na huiscí orthu as seo go Béit Bárá, agus an Iordáin chomh maith.” Tháinig muintir Eafráim go léir dá bhrí sin agus ghabhadar na huiscí as sin go Béit Bárá, agus an Iordáin.