Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 1:19

An Bíobla Naofa 1981

Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd.

Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”

Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.

Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.

D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”

Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”

Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.”

D'imigh an duine agus d'inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é.

Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.

Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.

Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.”

Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?”

Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis.

Bhí na Giúdaigh dá réir sin á lorg lá na féile agus deiridís:

Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”

Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?”

D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:

Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’

Ansin dúirt na Giúdaigh leis: “Níl tú caoga bliain d'aois fós agus an bhfaca tú Abrahám?”

agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libhse is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’

Dúirt Pól leo: “Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”

I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.

Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí