“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,
éistse ó na flaithis agus déan beart agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta.
Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.
Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
De bhrí nár chuimhin leat laethanta d'óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d'imeachtaí gránna eile?
Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.
Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.
Anois tá deireadh leat! Scaoilfidh mé le mo fhearg ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.
Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.
Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.
Óir, ní bheidh trua agam d'áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.
Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach, agus go dtéim i mbun cúis na córa, déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde, agus díolfaidh mé an comhar le lucht m'fhuatha.