Eizicéil 9:1An Bíobla Naofa 1981Ghlaoigh sé ansin de ghuth ard agus mé ag éisteacht leis: “Druidigí anseo, a scriostóirí na cathrach, agus a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear agaibh.” Féach an chaibidil |
Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.