Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”
Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir.
Mar sin, doirteadh amach mo bhruth agus m'fhearg, agus lasadh í i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, ionas go bhfuil siad ina bhfásach bánaithe go dtí an lá inniu féin.’
Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.
Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige; an rabhadh a thug sé fadó riamh tá sé curtha i gcrích aige anois; tá sé tar éis tú a threascairt gan trua; rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot agus chuir sé go mór lena gcumhacht.
Díreoidh mé m'éad ort ionas go roinnfidh siad go han-bhorb leat; bainfidh siad do shrón agus do chluasa díot agus titfidh a mbeidh fágtha leis an gclaíomh. Ropfaidh siad do mhic agus d'iníonacha agus caithfear an fuílleach sa tine.
Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.
Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.
Seo mar a tharla sé, a deir Tiarna na Slua: “Nuair a ghlaoigh mise orthu, níor éist siad liom; mar an gcéanna, nuair a ghlaoigh siadsan ormsa, níor éist mise leo.
Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’