Eizicéil 8:16An Bíobla Naofa 1981Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir. Féach an chaibidil |
Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar.
ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.