Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.
Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.
Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”