Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.
Abair: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, a ríthe Iúdá agus a áitritheoirí Iarúsailéim! Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Táim ag breith a leithéid d'anachain ar an áit seo, agus cibé duine a chluinfidh é, beidh tormán ina chluasa.
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.
Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.