Rinne Iósaef reacht faoi thalamh na hÉigipte agus tá sé i bhfeidhm fós sa lá atá inniu ann: an cúigiú a bheith ag Forann. Talamh na sagart amháin nár tháinig i seilbh Fhorainn.
Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.
Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit; tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde óir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách, i dtír nach aithnid duit.”
Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.
‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort, an náisiún is barbartha ar na náisiúin; tarraingeoidh siad an claíomh in aghaidh scéimh d'eagna, truailleoidh siad do ghlóir.
Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.
Mar sin de déanfar slad ar a maoin agus léirscrios ar a dtithe. Fiú má thógann siad tithe ní chónóidh siad iontu, agus má chuireann siad fíniúna ní ólfaidh siad a bhfíon.”