Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 7:23

An Bíobla Naofa 1981

“Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d'fhoréigean.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

agus chomh maith de bharr gach a raibh d'fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.

Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.

Óir tá bhur lámha truaillithe le fuil agus bhur méara le cionta. Tá an bhréag ar bhur mbeola agus monabhar an éigirt ar bhur dteanga.

Ritheann a gcosa chun an oilc, agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh. Bearta coiriúla is ea a mbearta, níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.

go léiríonn do lámha lorg fola na neamhchiontach. Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd! Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte.

Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”

Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.

An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin.

Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr, coinníonn sise a mailís úr. Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti; i mo fhianaise i gcónaí bíonn galair agus cneácha.

gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,

Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n‑éalóinn agus chuir sé le meáchan mo shlabhra.

Mhéadaigh sibh líon bhur marbh sa chathair seo, líon sibh na sráideanna le corpáin.

Abair le pobal na tíre: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi áitritheoirí Iarúsailéim i dtír Iosrael: Íosfaidh siad a n‑arán le faitíos agus ólfaidh siad a n‑uisce le huafás, toisc go mbeidh an tír ina fásach lom ó fhoréigean na n‑áitritheoirí.

a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,

“Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc.

Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.

Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Go mba leor libh é seo, a phrionsaí Iosrael! Éirígí as an láimh láidir agus as an ansmacht; cuirigí an chóir agus an fhíréantacht i bhfeidhm; ná brúigí ar mo phobal níos mó le tobhach cíosa - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.

Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.

Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’

ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású, agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír, agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.

Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.

Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí