Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 7:22

An Bíobla Naofa 1981

Iompóidh mé m'aghaidh uathu, rud a fhágfaidh go dtruailleoidh siad mo chiste; rachaidh na meirligh isteach agus truailleoidh siad é.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost; ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!

Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir scaipfidh mé iad roimh an namhaid. Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh, ar lá a dtruamhéile.”

Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”

De bhrí gur thréig siad mise, gur thruailligh an áit seo, gur loisc túis inti do dhéithe eile nárbh aithnid dóibh féin, ná dá n‑aithreacha, ná do ríthe Iúdá riamh cheana. Líon siad an áit seo le fuil neamhchiontaigh.

‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí