Eizicéil 7:19An Bíobla Naofa 1981Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t‑ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu. Féach an chaibidil |
Cibé fear de mhuintir Iosrael - nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael - a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.