Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.
Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.
Ach mise, an Tiarna, a labhróidh an briathar agus cuirfear i gcrích é. Ní bheidh a thuilleadh cairde ann; ach, a dhream cheannaircigh, labhróidh mé an briathar agus cuirfidh i gcrích é le bhur linn - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”
Dá bhrí sin, abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní chuirfear aon chuid de mo bhriathra ar cairde a thuilleadh, ach an briathar a labhraím cuirfear i gcrích é - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”
De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;
Ach na tithe sna sráidbhailte gan caiseal umpu, áirítear iad le talamh na dúiche timpeall; bainfidh ceart fuascailte leo agus ní foláir don té a cheannaigh scaoileadh leo sa iubhaile.