In éiric bhur n‑imeachtaí gránna déanfaidh mé oraibh nithe nach ndearna mé riamh agus nach ndéanfaidh mé choíche arís.
Is mó pionósú mo phobail ionúin ná smachtú Shodom, a scriosadh ar an toirt gan aon duine a leagan lámh uirthi.
B'ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomh ná iad siúd a fuair bás den ghorta, a bhíodh á snoí agus á n‑ídiú go mall righin cheal torthaí na talún.
Ansin tuigfidh siad gur mise an Tiarna, nuair a bhánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír mar gheall ar na cionta gránna go léir a rinne siad.”
Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.
mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo.