Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 5:3

An Bíobla Naofa 1981

Glacfaidh tú beagán ribí díobh seo ansin agus ceanglóidh tú i bhfilltí do róba iad.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.

D'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.

Chuaigh Irimia ansin go Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá agus chónaigh ina fhochair, i measc na ndaoine a fágadh fós sa tír.

D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.

Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.

Díobh seo arís glac beagán, teilg sa tine agus dóigh inti iad; as sin a thiocfaidh an tine amach. [Abair le] muintir Iosrael uile:

Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.

Agus “más ar éigean a shábhálfar an fíréan, cad a tharlóidh don éagráifeach agus don pheacach?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí