Eizicéil 5:2An Bíobla Naofa 1981Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean. Féach an chaibidil |
Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’