Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 5:15

An Bíobla Naofa 1981

Beidh sibh in bhur n‑ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.

Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn.

Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe.

Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana; is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.

Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir. Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.

Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’ ”

Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n‑iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad,

Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; “Tá sí slogtha siar againn,” deir siad, “is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.”

Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh.

Diúltóidh mé don fhear sin, déanfaidh mé sampla agus solaoid de, gearrfaidh mé amach é as lár mo phobail, agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh.

sular foilsíodh d'olc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat.

Tá tú ciontach as an bhfuil a dhoirt tú, thruailligh tú thú féin sna híola a rinne tú. Thug tú ar do lá druidim leat, tá ceann scríbe do shaoil ar láimh. Uime sin, rinne mé ábhar masla díot os comhair na gciníocha agus ceap magaidh os comhair na dtíortha go léir.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ólfaidh tú as corn do dheirféar go domhain agus go fairsing, corn a tharraingíonn fonóid agus magadh ort le flúirse na dí.

Imreoidh mé díoltas mór orthu agus tabharfaidh mé drochíde fhíochmhar orthu. Nuair a leagfaidh mé mo dhíoltas orthu tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”

“Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”

Scaoilfidh mé in bhur gcoinne saigheada marfacha an ghorta, saigheada a scriosfaidh - óir is d'aonturas chun sibh a scrios a scaoilfidh mé iad - agus scriosfaidh mé bhur stór aráin.

uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha.

Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann.

Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.

Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n‑aoiseanna.

Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.

Beidh siadsan ina gcomhartha, agus ina n‑iontas, ag tagairt duit féin agus do do shliocht go brách.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí