Ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “An uair seo molfaidh mé an Tiarna.” Thug sí Iúdá dá réir sin mar ainm air. Ní raibh a thuilleadh clainne uirthi ansin.
Cuid de thailte threibh Iúdá a tugadh mar oidhreacht do threibh chlann Shimeon, mar bhí roinn threibh Iúdá rómhór dóibh; sin é an fáth gur laistigh d'oidhreacht chlann Iúdá a fuair clann Shimeon a n‑oidhreacht féin.