An roinn seo a chuirfidh tú ar leataobh beidh sí ina cearnóg, cúig mhíle banlámh is fiche ar gach taobh; is é sin an roinn naofa agus talamh na cathrach le chéile.
Is don phrionsa fuílleach na roinne naofa agus thalamh na cathrach. Sínfidh sé ón gcúig mhíle banlámh is fiche den roinn naofa soir agus ón gcúig mhíle banlámh is fiche siar ar aon teorainn le ranna na dtreibheanna; is don phrionsa é. Beidh an roinn naofa agus sanctóir an Teampaill i lár baire.
Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh d'ainneoin gur iarr sé le deora í.
Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile.