Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 48:13

An Bíobla Naofa 1981

Taobh le roinn na sagart beidh roinn ag na Léivítigh cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle ar leithead. Beidh fad iomlán chúig mhíle banlámh is fiche ann agus leithead [fiche] míle.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.

As an tearmann seo tomhaisfidh tú roinn cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle banlámh ar leithead ina mbeidh an sanctóir, an áit rónaofa.

Roinn eile, cúig mhíle banlámh ar fad agus deich míle banlámh ar leithead, beidh sé mar láthair dá mbailte cónaithe ag na Léivítigh a fhreastalaíonn sa Teampall.

Gheobhaidh siad roinn as roinn rónaofa na tíre ar aon teorainn le fearann na Léivíteach.

Ní bheidh cead acu aon chuid de a dhíol nó a mhalartú; ní féidir an tseilbh a aistriú go brách mar tá sé naofa don Tiarna.

Agus an talamh beatha coimín timpeall ar na cathracha seo, ní féidir é a dhíol mar is leo é go brách.

Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.

Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí