Rug sé ansin mé amach an geata thuaidh agus thug orm dul timpeall amuigh fad leis an ngeata seachtrach thoir, áit a raibh an t‑uisce ag sceitheadh soir.
Dúirt an Tiarna liom: “Coimeádfar an geata seo dúnta. Ní osclófar é agus ní rachaidh aon duine tríd ó ghabh an Tiarna, Dia Iosrael, tríd. Dá bhrí sin coimeádfar dúnta é.
Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. D'amharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh.
Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill - bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t‑uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.
Chuaigh an fear soir agus a shlat tomhais ina láimh agus thomhais sé míle banlámh. Thug sé orm ansin siúl tríd an uisce; chuaigh an t‑uisce go murnán orm.