Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 47:18

An Bíobla Naofa 1981

Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

D'ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte - ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin.

Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air. Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.

agus ón mbliain sin ar aghaidh rinneadarsan cos ar bolg agus géarleanúint ar feadh ocht mbliana déag ar chlann Iosrael - ar chlann Iosrael go léir a bhí ag cur fúthu lastall den Iordáin i gcríocha na nAmórach atá i nGileád.

Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád.

Thug Lábán Iagar Sáhadútá (Carn na bhFinnéithe) air ach thug Iacób Galaed (Carn na Fianaise).

Chuir sé tionól ar a bhráithreacha dá bhrí sin, agus chuaigh sa tóir air ar feadh seacht lá, agus tháinig suas leis ar Shliabh Ghileád.

Roghnaigh Lót gleann na hIordáine dó féin; ghluais Lót soir agus scaradar le chéile ar an gcuma sin.

Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.

Ansin cinntígí bhur dteorainn thoir ó Hazar Éanan go Seafám.

Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh; biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán, gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.

Baerótá, Sabraím ar an teorainn idir an Damaisc agus Hamát, agus go Hazaer hat Tíceon ar theorainn Haurán.

Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí