Seo iad teorainneacha na tíre: Ar an taobh thuaidh ón bhFarraige Mhór bealach Heatlon isteach go Hamát agus ar aghaidh go Zadad,
Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.
Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas.
“Seo iad ainmneacha na dtreibheanna. Ar an taobh thuaidh bealach Heatlon go béal Hamát isteach fad le Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce os comhair Hamát, ag síneadh anoir siar, roinn amháin do Dhán.
Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór.
Sé seo a bheidh mar theorainn thuaidh agaibh: tarraing líne duit féin ón Muir Mhór go Sliabh Hor;
ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád.