Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 47:13

An Bíobla Naofa 1981

“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Anois an bheirt mhac a rugadh duit i dtír na hÉigipte sula dtáinig mise chugat san Éigipt, is liomsa iad; beidh Eafráim agus Manaise agam mar mhic ar aon dul le Reúbaen agus Simeon.

le beannachtaí arbhair agus bláthanna, le beannachtaí na gcnoc cianaosta, le beannachtaí na sléibhte síoraí; go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef, agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha.

Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine,

Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.

“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”

“Seo iad ainmneacha na dtreibheanna. Ar an taobh thuaidh bealach Heatlon go béal Hamát isteach fad le Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce os comhair Hamát, ag síneadh anoir siar, roinn amháin do Dhán.

Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Sin í an oidhreacht a fuair muintir Iósaef, Manaise agus Eafráim.

Fuair Manaise a chuid ar cranna mar gurbh é céadghin Iósaef é; do Mhácaír, céadghin Mhanaise, agus athair Ghileád, tugadh Gileád agus Báiseán, mar ba dhual do fhear faobhair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí