Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 47:10

An Bíobla Naofa 1981

Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár.

Tháinig daoine le teachtaireacht go dtí Iahóiseáfát: “Tá slua mór ag teacht i do choinne ó Eadóm ón taobh eile den fharraige; tá siad ag Hazazón Támár, .i. Éan Geidí, cheana féin.”

Féach an fharraige is í ar leathadh go fairsing is ag cur thar maoil le créatúir gan áireamh, dúile beo, idir bheag agus mhór.

Beidh na hiascairí ag mairgneach agus lucht caite duan sa Níl ag caoineadh; lucht spréite eangacha ar an uisce, beidh siad ag olagón.

Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin, dream aduaidh agus dream aniar, dream eile fós ó Shíním aneas.

Beidh siad á rá arís i d'éisteacht, an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte: “Tá an áit seo róchúng dom, déan slí dhom go socraí mé isteach!”

Fágfaidh mé thú i do charraig nocht, i d'ionad triomaithe eangacha; ní thógfar arís thú. Mise, an Tiarna, a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Beidh sí mar ionad triomaithe eangacha i lár na farraige. Óir mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh sí ina creach ag na ciníocha.

Seo iad teorainneacha na tíre: Ar an taobh thuaidh ón bhFarraige Mhór bealach Heatlon isteach go Hamát agus ar aghaidh go Zadad,

Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas.

Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór.

Beidh an Mhuir Mhór ar bhur bhfeorainn agus is í a bheidh mar theorainn thiar agaibh.

Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”

Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.”

Nibseán, Cathair an tSalainn, Éan Geidí; sé chathair lena mbailte.

Dháil mé oraibh, mar oidhreacht do bhur dtreibheanna, na ciníocha atá fós gan cloí chomh maith leo sin go léir a scrios mé idir an Iordáin agus an Fharraige Mhór thiar.

D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuir faoi i ndaingin Éan Geidí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí