Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 46:5

An Bíobla Naofa 1981

Tabharfaidh sé éafá mar abhlann leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ofrálfaidh sé mar abhlann éafá do gach tarbh, éafá do gach reithe, agus hín ola do gach éafá.

Tabharfaidh sé éafá leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

“Má bhíonn sé bocht agus gan an méid sin go léir ar a achmhainn, tógadh sé aon uan fireann amháin don íobairt leorghnímh; tá sin le tabhairt i láthair leis an dleacht ar leith a ofráil, chun gnás an leorghnímh a cheiliúradh don duine; ní gá dó a bhreith leis ach deachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus an log ola,

Le gach tarbh bíodh abhlann de thrí dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola; le gach reithe, abhlann de dhá dheachú de phlúr mín measctha le hola;

Sin é an gnás don naizíreach a thug móid. Má mhóidigh sé, seachas [a cheann gruaige], ofráil phearsanta don Tiarna - seachas cibé rud eile a bheadh ar a acmhainn - ní foláir dó an mhóid a thug sé a chomhlíonadh de bhreis ar cibé rud a éilíonn an gnás ar son a ghruaige.”

ach tugadh gach fear uaidh de réir a chumais faoi mar a chuireann an Tiarna do Dhia a bheannacht ort.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí